A Chairde,
[English version below]
Tá grúpa bunaithe thall ag http://groups.yahoo.com/group/caintrosmuc/
a bhfuil de chuspóir aige staidéir a dhéanamh ar Chaint Ros Muc, an
leabhar agus na taifid a rinneadh sna 60í.
Scéalta an-suimiúla atá iontu, agus beidh seans againn Gaeilge
labhartha a chleachtadh – idir ag éisteacht agus ag caint. Tá rithim
bhreá nádúrtha le cloisteáil ó Ghaeilge na dtaifead, agus tá chuile
fhocal dhe scríofa sa leabhar.
Beidh muid ag obair mar fhoireann – níos sásúla ná bheith i t'aonar ar
ndóigh. Bheadh an grúpa feiliúnach d'éinne a bhfuil Learning Irish,
nó cúrsa eile dhá leithéid, léite aige cheana.
Ach ní gá bheith líofa. Má tá Gaeilge cineál ciotach againn, mara
mbíonn muid in ann Gaeilge labhartha a thuiscint chomh éasca sin, má
tá blas uafásach ar ár gcuid Ghaeilge, tá súil againn na deacrachtaí
sin a réiteach thrí obair in éindí le chéile!
Má tá suim agaibh, nó má tá sibh in ann cuidiú linn, beidh fáilte
romhaibh.
Éamon
A group has been set up over at
http://groups.yahoo.com/group/caintrosmuc/ to study Caint Ros Muc, the
book and recordings that were made back in the 60s.
They contain really interesting stories, and we'll have the chance to
practise our spoken Irish – both listening and speaking. There's a
lovely natural rhythm to the Irish in the recordings, and every word
is transcribed in the book.
We'll be working as a team – more pleasing than working on your own,
of course. The group would be suitable for anyone who has already
read Learning Irish, or a similar course.
But there's no need to be fluent. If our Irish is a bit clumsy, if we
can't easily understand spoken Irish, if we speak Irish with some
awful accent, then we hope to fix those problems by working together.
If you're interested, or if you can help us, then you'll be welcome.